Baill nua

Cuireann Aontas na Scríbhneoirí glór, ardán agus tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge. Níl ach táille €20 sa bhliain mar chostas ballraíochta. Cláraigh do sheoladh ríomhphoist thíos chun eolas a fháil.

Baill reatha

Déanfar teagmháil le baill reatha an Aontais sna seachtainí beaga romhainn chun rochtain a thabhairt dóibh ar áiseanna nua do bhaill amháin atá á gcur ar fáil ar an suíomh seo.

Cad é ról an Aontais?

  • Idirbheartaíocht agus comhoibriú a dhéanamh le heagraíochtaí a mbíonn tionchar acu ar shaol na scríbhneoirí
  • Bheith ina fhoinse eolais do scríbhneoirí maidir le deiseanna maoinithe, sparánachtaí, coimisiúin, comórtais liteartha, ócáidí liteartha agus eile
  • Fóram a chur ar fáil do scríbhneoirí ag cruinnithe rialta agus ar líne
  • Áiseanna poiblí ar nós Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge a fhorbairt

Féach ár gcuid spriocanna agus an méid atá bainte amach againn cheana féin anseo.

Cé dóibh an tAontas?

Tá fáilte roimh gach cineál scríbhneora mar bhaill.

Buntáistí breise do bhaill

  • Scéim chónaithe do bhaill
  • Táillí laghdaithe ar chomórtais scríbhneoireachta áirithe
  • Leathanach próifíle poiblí ar shuíomh an Aontais do bhaill ar mian leo é (Aibreán 2019)
  • Fóram plé do bhaill ar líne (Aibreán 2019)