Spriocanna Aontas na Scríbhneoirí

Bunaíodh an tAontas ag tús 2015 ar mhaithe le glór, ardán agus tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge, caidreamh a chothú i measc na scríbhneoirí féin, agus idirbheartaíocht a dhéanamh le heagraíochtaí eile a mbíonn tionchar acu ar shaol na scríbhneoirí.

Ag na cruinnithe bunaithe, mhol scríbhneoirí na cineálacha tacaíochta a chabhródh leo: foinse eolais ar imeachtaí agus ar dheiseanna maoinithe, eagras ionadaíochta, fóram díospóireachta agus gréasán teagmhála. Bíonn fáilte i gcónaí roimh smaointe nua ó na baill agus deis iad a phlé ag ollchruinnithe.

Ballraíocht san Aontas

Tá fáilte roimh scríbhneoirí de gach cineál mar bhaill: foilsithe agus neamhfhoilsithe; prós agus filíocht, ficsean agus neamhfhicsean, úrnua agus seanbhunaithe; úrscéalaithe, gearrscéalaithe, drámadóirí, scríbhneoirí do dhaoine óga, lucht taighde agus critice, eagarthóirí agus aistritheoirí, scríbhneoirí raidió, teilifíse agus idirlín. Is féidir linn a bheith ag cuidiú agus ag foghlaim óna chéile.

Is féidir clárú mar bhall, nó do shíntiús a athnuachan, ar líne ar an suíomh seo anois ach cuairt a thabhairt ar rannóg na mball. Is fiú go mór clárú fiú murar mian leat/mura mbeidh deis agat freastal ar chruinnithe. Beidh tú ag tacú le do chomhscríbhneoirí agus gan ach táille €20 sa bhliain le híoc.

Cad atá déanta ag an Aontas go dtí seo?

Go dtí seo, bhí cruinnithe agus comhoibriú againn le hOireachtas na Gaeilge faoi na Comórtais agus na Gradaim Liteartha; le Foras na Gaeilge faoi na scéimeanna tacaíochta atá acusan do scríbhneoirí agus foilsitheoirí agus faoi mhaoiniú do thionscnaimh nua; le Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann na Mainistreach, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta.

Chruthaigh an tAontas suíomh gréasáin, leathanach Facebook poiblí agus ceann eile - leathanach príobháideach do bhaill amháin - le heolas a scaipeadh ar na baill: mar shampla, faoi dheiseanna maoinithe, scéimeanna cónaithe, sparánachtaí, coimisiúin, comórtais liteartha, seoltaí leabhair, ócáidí liteartha agus nuacht eile faoi shaol na leabhar in Éirinn agus thar lear.

Bunaíodh an suíomh nua seo i 2019 le taca maoinithe ó Fhoras na Gaeilge. Tá féidearthachtaí breise ag baint leis i gcomparáid leis an gcéad suíomh a bhí againn: mar shampla, tá áis íocaíochta ar líne á forbairt dóibh siúd ar mian leo é, fóram na mball, agus éascaíocht uaslódála eolais; agus amach anseo, tá súil againn go mbeidh a leathanach féin ar fáil ar an suíomh do gach ball den Aontas ar mian leo é. Tá Eolaire na Scríbhneoirí ann mar áis phoiblí: liosta iomlán inchuardaithe de scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin leo, nó ar léiríodh a saothar drámaíochta nó scripte, mar aon le léargais níos leithne.

Cruinnithe Aontas na Scríbhneoirí

Eagraíonn an tAontas ollchruinniú do na baill trí nó ceithre uaire sa bhliain, ceann acu le linn Oireachtas na Samhna. Ag an gCruinniú Cinn Bhliana san earrach, toghtar coiste stiúrtha a riarann gnóthaí an Aontais idir na hollchruinnithe. De réir mar a oireann, bíonn pléghrúpaí agus fochoistí ag déanamh taighde agus ag réiteach cáipéisí agus aighneachtaí ar théamaí éagsúla.

Tugann na hollchruinnithe deis do bhaill teacht le chéile le stáid reatha na scríbhneoireachta a phlé go foirmealta agus go neamhfhoirmeálta. Ó am go chéile, tugtar cuireadh do bhaill agus d'aoi-chainteoirí saineolas ar ghné ar leith de shaol na scríbhneoireachta a roinnt linn; agus tugtar deis do bhaill saothar nua a chur i láthair agus aischothú a fháil ag ócáidí liteartha agus sóisialta.

Buntáistí breise do bhaill

Tá scéim chónaithe á reachtáil againn le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille inar féidir le baill tréimhse a chaitheamh i mbun scríbhneoireachta i dteach de chuid Oideas Gael (ar bhonn féin-fhreastail ar bheagán costais agus lasmuigh de shéasúr na gcúrsaí foghlama). Bhí an chéad tréimhse díobh ar siúl i mí Mheán Fómhair 2018 agus beidh an dara ceann i Meán Fómhair 2019. Is gá áit a chur in áirithe tríd an gcoiste.

Cuireann Áras Scríbhneoirí na hÉireann seomra ar fáil dúinn saor in aisce do dhá imeacht in aghaidh na bliana. Bíonn deis ag scríbhneoirí Gaeilge cur isteach ar sparánacht bhliantúil Anam Cara in iarthar Chorcaí agus ar sparánacht Jack Harte in Eanach Mhic Dheirg a eagraíonn Áras na Scríbhneoirí.

Tugann Books Ireland laghdú do bhaill ar an táille iontrála dá gcomórtais gearrscéalta.

Ní neart go cur le chéile

Tá súil againn go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na mball san Aontas i mbliana. Léiríonn Eolaire na Scríbhneoirí go bhfuil 500 scríbhneoir Gaeilge ann ar foilsíodh leabhair leo lasmuigh den chóras scoile, mar aon le mórán scríbhneoirí eile atá ag saothrú leo, ag foilsiú in irisí, ar líne agus sna meáin chraolta, agus ag cur isteach ar chomórtais. Sea is láidre a bheidh Aontas na Scríbhneoirí, sea is mó is féidir linn ár leas uile a chur chun cinn.

Go n-éirí leat le do chuid scríbhneoireachta.