Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge

Foilsítear Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge ar an suíomh seo mar áis do phobal uile na leabhar Gaeilge. Tionscadal atá san Eolaire a bhfuil dhá áis leictreonacha mar thoradh air: (i) eolaire inchuardaithe a dhéanann liostáil ar bheoscríbhneoirí Gaeilge an lae inniu, agus; (ii) léargais maidir le próifíl ghinearálta na scríbhneoiri céanna.

Aidhmeanna an Eolaire

  • Soláthraíonn an tEolaire buneolas ar gach scríbhneoir Gaeilge atá beo inniu ar foilsíodh a saothar mar leabhar nó mar script drámaíochta nó teilifíse a stáitsíodh nó a craoladh.
  • Cuireann sé figiúir ar fáil a thugann léargais ar shaol na scríbhneoireachta Gaeilge: líon na scríbhneoirí, a gcúlraí tíreolaíocha agus teanga, na seánraí ina scríobhann siad agus na foilsitheoirí a chuireann a saothar ar fáil don phobal.
  • Is eolaire inchuardaithe é a thugann deis do léitheoirí, leabharlannaithe, lucht eagraithe féilte, taighdeoirí acadúla, eagrais mhaoinithe agus daoine eile teacht ar scríbhneoirí nó grúpaí scríbhneoirí ar leith: mar shampla, scríbhneoirí don aos óg as Contae Chiarraí, filí de bhunadh na nGaeltachtaí nó úrscéalaithe a bhfuil cónaí orthu i mBéal Feirste. Ní raibh an t-eolas seo ar fáil in aon áit amháin cheana.

Leasuithe agus eolas nua

  • Fáiltítear roimh leasuithe agus eolas breise ó scríbhneoirí atá liostáilte san Eolaire cheana ach an fhoirm seo a líonadh isteach.
  • Fáiltítear roimh eolas ó scríbhneoir ar bith nach bhfuil liostáilte san Eolaire cheana, ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin leo, ar léiríodh dráma leo ar stáitse aitheanta nó ar craoladh a saothar ar raidió nó teilifís. Sa chás seo, moltar an fhoirm seo a líonadh isteach.
  • Fáiltítear roimh mholtaí maidir le conas feabhas a chur ar an Eolaire mar acmhainn.

Buneolas agus mionsonraí san Eolaire

  • Tá breis is 500 scríbhneoir Gaeilge liostáilte san Eolaire. Tá gach seánra saothair san áireamh ann seachas téacsleabhair scoile. Táthar ag súil forbairt ar an Eolaire le himeacht ama: réimsí nua, sonraí nua agus leasuithe a chur leis de réir mar is féidir.
  • Fuarthas mionsonraí ar a gcúlra agus ar a saothar ó bhreis is 150 scríbhneoir a líon suirbhé ar líne a raibh poiblíocht faoi sna meáin Ghaeilge le linn 2018.
  • Aimsíodh buneolas ar na scríbhneoirí eile atá san Eolaire: ainm, inscne, mórsheánra(í) a shaothraíonn siad mar aon le míreanna eile i gcás roinnt scríbhneoirí. Is ó thaighde ar shuímh ghréasáin na bhfoilsitheoirí agus ar shuímh eile a fuarthas an t-eolas poiblí sin. Tugtar liosta na bhfoinsí is tábhachtaí ag deireadh na nótaí seo.
  • Beartaíodh ar shaothair fhoilsithe mar bhunchritéar don Eolaire, mar aon le saothair a stáitsíodh agus/nó a craoladh. Tuigtear go bhfuil scríbhneoirí bisiúla, oilte nach gcuimsítear ag na critéir seo toisc gur in irisí, ag ócáidí léamha agus ar an idirlíon ar fad a cuireadh a saothar ar fáil. Tuigtear freisin gur mar scoláirí, aisteoirí, múinteoirí, iriseoirí agus i slite beatha iomadúla eile a áiríonn a lán daoine san Eolaire iad féin go príomha.
  • D’fhéadfaí réimsí breise a chur leis an Eolaire amach anseo ach na hacmhainní a bheith ar fáil: mar shampla, teidil na leabhar le gach scríbhneoir; na gairmeacha beatha eile atá ag formhór na scríbhneoirí san Eolaire; agus eolas faoi scríbhneoirí nár foilsíodh leabhar leo.
  • Is baill d’Aontas na Scríbhneoirí cuid de na daoine san Eolaire. Fáiltítear i gcónaí roimh bhaill nua.

Cúlra an Eolaire

Le linn di ullmhú d’ócáid léamha Lá Idirnáisiúnta na mBan ar 8 Márta 2016 i mBaile Átha Cliath, rinne an scríbhneoir Anna Heussaff áireamh garbh ar líon na mban agus na bhfear atá beo inniu ar foilsíodh saothar cruthaitheach leo i nGaeilge. Thug sí sciuird taighde ar líne agus d'áirigh sí 138 scríbhneoir san iomlán: 88 fear agus 50 bean. Ina measc, bhí a dhá nó a thrí oiread fear ná ban ag foilsiú filíochta, úrscéalta, gearrscéalta agus seánraí eile; agus bhí a mhalairt de choibhneas ann i gcás na litríochta don aos óg.

An mhí dar gcionn, bheartaigh scríbhneoir eile, Éilís Ní Anluain, dul i bpáirt le hAnna Heussaff agus bunachar críochnúil a thiomsú, mar acmhainn eolais agus anailíse. Rinne siad taighde ar líne ar bhonn deonach, leathnaíodh ar na seánraí a áiríodh agus tháinig méadú mór ar líon na n-ainmneacha ar an liosta. Bhí poiblíocht faoin togra sna meáin Ghaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2016: agallaimh raidió agus alt ar Tuairisc.ie.

Ba léir dóibh, áfach, gur ghá maoiniú a fháil chun na sonraí ar fad sa bhunachar a dhearbhú agus a chur ar fáil go poiblí, tarraingteach ar shuíomh gréasáin. Chuir Clár na Leabhar Gaeilge, atá mar chuid d’Fhoras na Gaeilge, maoiniú ar fáil d’Aontas na Scríbhneoirí faoi Scéim na dTionscadal Litríochta 2017-18, a chuir ar chumas an Aontais suíomh nua gréasáin a fhorbairt agus Eolaire na Scríbhneoirí mar chuid de. Tá Aontas na Scríbhneoirí an-bhuíoch as an maoiniú seo.

Bhí dhá acmhainn luachmhara ar fáil cheana mar thaifead agus mar cheiliúradh ar ár n-oidhreacht liteartha: Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, ina bhfuil grianghraif den scoth agus eolas beathaisnéise ar bhreis agus céad scríbhneoir comhaimseartha a bhfuil aitheantas saoil bainte amach acu; agus an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (ainm.ie), a thugann grinnchuntas saoil agus saothair ar na scríbhneoirí Gaeilge atá ar shlí na fírinne. Cuireann scóip leitheadach an Eolaire leis na hacmhainní seo, sa léargas a thugtar ar phróifíl agus ar réimsí saothair líon iomlán na scríbhneoirí foilsithe atá beo inniu.

Léargas

Cuirtear léargais ar fáil d'fhonn próifíl ghinearálta scríbhneoirí Gaeilge agus treochtaí áirithe maidir le scríbhneoireacht na Gaeilge a thabhairt chun solais. Is gá idirdheilight thábhachtach amháin a dhéanamh maidir leis an togra seo, áfach, is é sin go bhfuil an anailís bunaithe go príomha ar bhunachar scríbhneoirí Gaeilge; ní ar bhunachar foilseachán Gaeilge. Dá thoradh sin, léirítear eolas maidir le líon na scríbhneoirí a scríobhann i seánraí faoi leith ach ní áitítear gur léiriú é seo ar líon na saothar atá foilsithe sna seánraí céanna.

Tá an t-eolas san Eolaire bunaithe ar dhá thacar sonraí: (i) taighde bunaidh a rinne Éilís Ní Anluain agus Anna Heussaff, agus; (ii) torthaí suirbhé a líon breis is 150 scríbhneoir Gaeilge sa bhliain 2018 (féach Cúlra an Eolaire thuas). Toisc go gcuimsíonn an t-eolas sa chéad tacar sonraí scríbhneoirí nár fhreagair an suirbhé, agus toisc nár fhreagair gach scríbhneoir a líon an suirbhé gach ceist ann, níl an bonn céanna eolais faoi gach réimse san anailís. Dá bhrí sin, agus chun gur féidir leis an léitheoir torthaí na hanailíse a mheas go cruinn, taispeántar méid an tsampla in éineacht le gach réimse anailíse. Is ionann méid an tsampla agus líon na scríbhneoirí a cuireadh san áireamh sa réimse anailíse sin.

Tá an anailís nasctha go beo leis an Eolaire Scríbhneoirí agus de réir mar a chuirfear tuilleadh sonraí leis an Eolaire tiocfaidh athrú ar thorthaí na hanailíse.

Nótaí maidir le míreanna eolais ar leith

Ainm an scríbhneora

I gcás scríbhneoirí a bhfuil ainm cleite in úsáid acu dá saothar, is féidir cuardach san Eolaire faoin ainm cleite agus faoin mbunainm araon, má tá an bunainm ar fáil go poiblí freisin. Tá an rogha chéanna ann i gcás scríbhneoirí a bhfuil leagan malartach dá n-ainm in úsáid acu.

Bliain bhreithe

Is le cead na scríbhneoirí a líon an bosca seo sa suirbhé a thugtar an t-eolas seo. I ngach cás eile, ní thugtar é.

Inscne

I gcás na scríbhneoirí a líon an suirbhé, bhí deis acu a gcur síos féin a thabhairt. I gcás na scríbhneoirí eile, is ar bhonn ainm poiblí an scríbhneora a thugtar an t-eolas seo.

Áit ar tógadh

Beartaíodh ar ‘Áit ar tógadh’ seachas ‘Áit bhreithe’ toisc nach ionann i gcónaí iad agus gur tábhachtaí de ghnáth an áit ar tógadh. Tugadh an rogha sa suirbhé níos mó ná áit amháin a lua.

I gcás na scríbhneoirí a líon an suirbhé, bhí an rogha acu ‘Tír’, ‘Contae’, ‘Ceantar’ agus ‘Is/Ní ceantar Gaeltachta é’ a thabhairt; i gcás na scríbhneoirí eile, luaitear ‘Tír’, ‘Contae’ agus ‘Is/Ní Ceantar Gaeltachta’ má bhí an t-eolas sin ar fáil go poiblí. Cuireadh eolas maidir le cúlra cathrach san Eolaire freisin nuair a bhí na sonraí sin ar fáil.

Nascadh sonraí maidir le tíortha agus cathracha thar lear le hiontrálacha sa bhunachar geografach idirnáisiúnta GeoNames. Nascadh sonraí maidir le contaetha agus cathracha in Éirinn le hiontrálacha i mBunachar Logainmneacha na hÉireann, logainm.ie. Cuireann sé ar ár gcumas léarscáileanna dáileacháin a ghiniúint a léiríonn cad as scríbhneoirí na Gaeilge.

Cloíodh leis na gnáis litrithe agus ordlathais sa dá bhunachar seo, mar aon leis na caighdeáin chuí ISO, agus na sonraí á dtiomsú. Ar an ábhar sin, úsáidtear an t-ainm ‘Dún na nGall’ ar an gcontae tríd síos, in ainneoin gur roghnaigh roinnt scríbhneoirí an leagan ‘Tír Chonaill’ a úsáid sa suirbhé. Beartaíodh freisin ar na hainmneacha ‘Albain’, ‘An Bhreatain Bheag’, ‘Sasana’ agus 'Tuaisceart Éireann' a cheadú. Is faoi ‘Éire’ a thagraítear do chontaetha uile an oileáin ach amháin má thug scríbhneoir rogha eile le fios.

Áit chónaithe

Tugadh an rogha sa suirbhé níos mó ná áit chónaithe amháin a lua. Bhí na fearainn eolais chéanna i gceist leis seo agus a bhí le ‘Áit ar tógadh’. Baineadh leas as an eolas seo chun léarscáileanna a chruthú de na tíortha, contaetha, agus cathracha ina bhfuil cónaí ar na scríbhneoirí.

Foinse Gaeilge

Tugann an mhír seo bunús eolais ar líon na scríbhneoirí ar cainteoirí dúchais Gaeltachta iad, an líon a tógadh le Gaeilge in áiteanna eile, an líon a d’fhoghlaim ar scoil í ar dtús, agus an líon a d’fhoghlaim ar shlite eile í. Roghnaigh roinnt scríbhneoirí eolas breise a thabhairt sa suirbhé: mar shampla, a dtaithí i gcoláiste samhraidh, ar an ollscoil, ar chuairteanna Gaeltachta agus/nó ag ranganna do dhaoine fásta mar chuid riachtanach den fhoghlaim. Rinneadh cóiriú ar an mír seo chun na roghanna iolracha úd a chur in iúl.

Seánraí scríbhneoireachta

Rinneadh cuid mhór plé agus taighde ar an réimse seo den Eolaire. Níl aon chóras amháin ná liosta aontaithe seánraí i measc na bhfoilsitheoirí Gaeilge arbh fhéidir é a leanúint mar mhúnla; agus ní hionann na catagóirí a bhíonn ag siopaí leabhar, ag leabharlanna ná ag foilsitheoirí. Bailíodh tuairimí ó shaineolaithe ar litríocht na Gaeilge agus rinneadh iarracht roghanna a chur ar fáil a oireann do shaothrú na Gaeilge lenár linn. Luaitear mórsheánra/í i gcás na scríbhneoirí go léir san Eolaire: úrscéalaíocht, filíocht, gearrscéalaíocht, drámaíocht, prós neamhfhicsin agus mar sin de. Luaitear seánraí mionsonraithe i gcás lucht an tsuirbhé agus cuid de na scríbhneoirí eile ar aimsíodh an t-eolas sin fúthu: mar shampla, úrscéal liteartha, úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, úrscéal staire agus mar sin de. Cuireadh fo-rannóga sa bhreis leis an liosta mar thoradh ar aischothú ó scríbhneoirí faoi leith.

Is iomaí ceist a d’fhéadfaí a thógáil faoin rangú atá san Eolaire agus faoi aon rangú eile a roghnófaí. Is féidir gur úrscéal liteartha an t-úrscéal staire agus níl aon sainmhíniú amháin ar cad is ‘ficsean don aos óg’ i gcomparáid le ‘déaglitríocht’. Ní dhearnadh idirdheighilt idir eagarthóirí agus údair i réimse an taighde litríochta; níor sonraíodh comheagarthóirí; ní dhearnadh idirdheighilt idir seánraí éagsúla i gcás na saothar a aistríodh go Gaeilge; ná níor cruthaíodh rannóg do leabhair dhátheangacha. An oireann sé leabhair faoi chás na Gaeilge a rangú in éineacht le leabhair staire agus leabhair pholaitíochta? Nó cnuasaigh focal ó chanúint ar leith agus cnuasaigh seanfhocal a chur san áireamh le ‘Saíocht na Gaeilge agus saothair foclóireachta agus taighde teanga an lae inniu a chur san áireamh le taighde litríochta? Cén rangú is fearr ar athinsint don lá inniu ar scéalta miotaseolaíochta nó béaloidis, atá le fáil faoi ‘Eile’ ag an tráth seo? Cad faoi bhlaganna agus cumadh amhráin mar sheánraí?

Fáilteofar roimh aiseolas sa réimse seo agus beifear ag súil le leasuithe a dhéanamh sa todhchaí – ach is cinnte nach sásófar cách riamh!

Foilsitheoirí

Cuireadh liosta na bhfoilsitheoirí Gaeilge ar fáil sa suirbhé ar líne – na comhlachtaí agus eagrais arb é a bpríomhchúram leabhair a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireadh a lán foilsitheoirí breise leis an liosta nuair a bhí an t-eolas á chur in eagar, ina measc, foilsitheoirí acadúla agus foilsitheoirí eile Béarla a fhoilsíonn cúpla leabhar Gaeilge sa bhliain.

Foinsí eolais

Baineadh leas as suímh ghréasáin na bhfoilsitheoirí le linn an taighde don Eolaire, mar aon le hacmhainní eile, go háirithe na cinn seo a leanas:

Baineadh leas freisin as dhá shaothar chlóite:

  • Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-95 (Seán Ó Cearnaigh, Comhar 1995)
  • Eolaire CIC de Scríbhneoirí Gaeilge (Gearóidín Uí Nia, Cló Iar-Chonnacht 1998)